Chuig an bpríomhábhar
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Baile

Bíodh ról níos mó agat i gceapadh na mbeartas a imríonn tionchar ar do shaol. Is deis ar leith duitse an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh chun cuidiú a thabhairt an tAontas Eorpach a mhúnlú trí thathant ar an gCoimisiún Eorpach dlíthe nua a mholadh. Ar 1 mhilliún síniú a bheith bailithe le haghaidh tionscnaimh, cinnfidh an Coimisiún cé na bearta is gá a dhéanamh. Féach conas a n-oibríonn an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, céim ar chéim

Má smaoiníonn tú ar thionscnamh a thosú, téigh i gcomhairle le Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun comhairle dlí agus phraiticiúil a fháil.

An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: Do cheart mar shaoránach den Aontas Eorpach

An scéala is déanaí

Image promoting a webinar titled "Unlock the Power of the European Citizens' Initiative." The text includes "Real stories and practical tips to make your voice heard in the EU." The image features diverse individuals engaged in conversation and activities, with the European Union flag in the top right corner.
  • 05/05/2025
ECI Forum webinar: 'Unlock the power of the European Citizens’ Initiative: Real Stories and Practical Tips'
Níl an nuacht le fáil i nGaeilge ach féadfar é a aistriú go huathoibríoch ar an leathanach "An nuacht is déanaí".

In this 1-hour webinar, hosted by the ECI Forum, participants can learn about the basics of the European Citizens' Initiative (ECI) and how it can be used to make their voices heard in the EU. Hear real stories and proven strategies from the organisers of the 'Stop Destroying Videogames' and 'HouseEurope! Power to Renovation' initiatives and learn how to launch and run a successful initiative.

Thursday 15 May 2025, 12:30 - 13:30 (CEST)

Webinar held in English.

5 people seating in a panel. names in the news
  • 09/04/2025
An ócáid ‘Spotsolas ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: Ag comhoibriú ar fud an Aontais’

An 8 Aibreán 2025 d’eagraigh an Coimisiún Eorpach an t-imeacht ‘Spotsolas ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: Ag comhoibriú ar fud an Aontais’, chun comhpháirtithe institiúideacha agus líonra TES a spreagadh chun feasacht a mhúscailt a thuilleadh faoi TES. Maroš Šefčovič, an Coimisinéir a dtagann an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh faoina chúram, chuir sé tús leis an ócáid agus ghlac sé páirt i bpainéal ardleibhéil in éineacht le Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Katarina Barley (S&D/DE), Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), Oliver Röpke agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta do Shaoránaigh, Assya Kavrakova. Tugadh le chéile ag an ócáid freisin Ambasadóirí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, pointí teagmhála náisiúnta, grúpaí d’eagraithe na dtionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh atá ar siúl faoi láthair chomh maith le comhaltaí TES CESE. Chuir na rannpháirtithe samplaí i láthair maidir le conas an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chur in iúl ar an láthair agus bhí seisiún tobsmaointeoireachta ann le teacht ar níos mó smaointe chun an t-eolas faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a thabhairt níos gaire do na saoránaigh.

B.A. Izsak, Raffaele Fitto, A. Dabis, from left to right, against the backdrop of ECI banner with words "Take the Initiative'
  • 26/03/2025
Fáilte curtha ag an gCoimisiún Eorpach roimh eagraithe an 11ú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis

I gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tugadh an deis d’eagraithe an aonú tionscnamh Eorpach déag ó na saoránaigh ar éirigh leis, ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’, cuspóirí a dtionscnaimh a mhíniú go mion. Chuir an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin, Raffaele Fitto, agus oifigigh an Choimisiúin Eorpaigh fáilte rompu an 25 Márta 2025.

 

Ar mhaith leat foghlaim agus comhoibriú?
OSZAR »